Wednesday, August 11, 2010

A More Standard Version of the Sermon on the Mount in Irish

I recently posted a link to the Gospel of Matthew in the Cork/Munster dialect of Irish. Below is a more standard Irish translation of the Sermon on the Mount (Matthew 5). This was found at the following website:
http://www.anbioblanaofa.org/pdf/471Matha.pdf

An tSeanmóir ar an Sliabh: Na Biáide

Nuair a chonaic sé na sluaite, chuaigh sé an sliabh suas. Shuigh sé síos agus tháinig a
dheisceabail chuige. 2Thosaigh sé ag caint leo á dteagasc agus dúirt:
3 “Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo ríocht na bhflaitheas.
4 “Is méanar do lucht an dobróin, óir sólásófar iad.
5 “Is méanar dóibh seo atá ceansa, óir gheobhaidh siad an talamh mar oidhreacht.
6 “Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu, óir sásófar
iad.
7 “Is méanar do lucht na trócaire, óir déanfar trócaire orthu.
8 “Is méanar dóibh seo atá glan ó chroí, óir feicfidh siad Dia.
9 “Is méanar do lucht síochána a dhéanamh, óir glaofar clann Dé orthu.
10 “Is méanar dóibh seo a d’fhulaing géarleanúint mar gheall ar an bhfíréantacht, óir is
leo ríocht na bhflaitheas.
11 “Is méanar daoibh féin nuair a thabharfar aithis daoibh agus a ghéarleanfar sibh, agus
nuair a chuirfear gach sórt drochrud in bhur leith go bréagach mar gheall ormsa.
12 “Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar neamh; óir is mar
sin a rinneadh géarleanúint ar na fáithe a chuaigh romhaibh.

No comments: